Ionad Naomh Pádraig ag tacú leis an phobal i nGaoth Dobhair


Thug Meon Eile cuairt ar Ionad Naomh Pádraig i nGaoth Dobhair atá ag cur seirbhísí ar fáil do mhuintir na háite ó bhí 2006 ann.

Tá seirbhísí cúraim lae agus iarscoile ann mar aon le seirbhísí do mháithreacha agus tachráin. Bíonn ceachtanna ar fáil chomh maith, mar shampla íoga agus tai chi, agus ar ndóigh ranganna Gaeilge.

Fiú i rith na paindéime, bhí an ionad go fóil ag tacú leis an phobail.

Is í Máire Uí Chomhaill atá ina bainisteoir ar an ionad agus labhair sí linn faoi thábhacht na seirbhísí a chuireann siad ar fáil do dhaoine óga agus do sheanóirí araon. An rud is tábhachtaí ar fad, dar le Máire, ná an freastal a dhéanann siad ar dhaoine a bhfuil ailse nó tinneas fadtéarmach orthu. Mar shampla, cuireann siad eitilt in áirithe do na hothair le go mbeidh siad in ann taisteal ó Dún na nGall go coinne i mBáile Átha Cliath.

Is áis an-tábhachtach é Ionad Naomh Pádraig a bhíonn ag tacú leis an phobal áitiúil ar fad. Tuilleadh eolais le fáil ar https://ionadnp.ie/

Close
Close