Ióga agus análú ar líne

Labhair Nuala Ní Scolláin le Meon Eile agus í ag féinleithlisiú. Labhair sí faoi na deacrachtaí atá ann faoi láthair ó thaobh meabhairsláinte de agus mhínigh sí an imní atá ar dhaoine maidir le COVID-19.

Thaispeáin Nuala ióga is féidir linn a dhéanamh ón teach agus labhair sí faoin tábhacht a bhaineann le hanálú mar is ceart agus le ham a ghlacadh chun ióga nó machnamh a dhéanamh ón bhaile.

Tá físeáin á gcur in airde ar leathanach Facebook Nuala le muid féin a spreagadh níos mó gluaiseachta agus análaithe a dhéanamh sna laethanta amach romhainn.

Tá leathanach Facebook Nuala ar fáil anseo: https://www.facebook.com/iogalenuala/

Close
Close