'Malartú & Meascadh' ag Raidió Fáilte

Cuireadh imeacht sultmhar sóisialta ar siúl i Raidió Fáilte Dé Sathairn seo caite nuair a reáchtáladh ‘Malartú & Meascadh’: malartú éadaí agus ceardlann DJ le hAilbhe Ní Riain, mar aon le blaiseadh manglam!

Bhí fáilte roimh chách ag an imeacht dátheangach agus bhuail neart daoine isteach le linn an lae. Éadaí ar bith nár bailíodh, bheartaigh foireann Raidió Fáilte iad go léir a chur chuig siopaí carthanachta áitiúla.

D'fhreastail Meon Eile ar an teacht le chéile álainn réchúiseach seo agus labhair Storm Eaton-Killgallen linn, láithreoir de chuid Raidió Fáilte, faoi thábhacht na hócáide, go háirithe do dhaoine óga agus do mhná. 

Is mar chuid den fhéile Liú Lúnasa 2024 a eagraíodh ‘Malartú & Meascadh'.

Close
Close