Malartú éadaí 'SWITCH’ leis an tionchaire agus gníomhaí timpeallachta, Moya Ní Dhugáin

Eagraíodh malartú eadaí ar na mallaibh in Anam, caifé de chuid Ghlór na Móna in Iarthar Bhéal Feirste. 'SWITCH' an teideal a thugtar ar an imeacht leanúnach seo, a bhíonn á eagrú ag Moya Ní Dhugáin, tionchaire agus gníomhaí timpeallachta as Dún na nGall atá paiseanta faoin inbhuanaitheacht a chur chun cinn ar dhóigh phraiticúil réalaíoch.

Tháinig cuid mhór daoine ar an oíche le réimse leathan éadaí a fheiceáil. Déanann Moya iarracht an spotsolas a chur ar chúis ar leith ag SWITCH agus, an uair seo, is ar obair Ghlór na Móna a bronnadh an t-airgead. Glacann Moya le tabhartais éadaí roimh an oíche chomh maith ionas go mbíonn an deis aici an caighdeán a sheiceáil agus iad a ghlanadh.

Tá thart ar 20 imeachta SWITCH déanta ag Moya faoin am seo in áiteanna éagsúla timpeall na tíre. Mar sin, tá neart eadaí agus earraí bailithe aici ó shin, chomh maith le neart leantóirí ar leathanach Instagram s'aici, Environmental Eadaí, áit a ndíríonn sí ar an athrú aeráide agus ar dhóigheanna praiticiúla le déileáil leis.

Close
Close