Imeacht Dátheangach do theaghlaigh ag Féile an Phobail 2021

Bhí imeacht dátheangach do theaghlaigh ar siúl i bPáirc na bhFál an tseachtain seo mar chuid den fhéile bhliantúil in Iarthar Bhéal Feirste, Féile an Phobail. Bhí an t-imeacht ar siúl ar feadh dhá oíche agus ba léir gur bhain na páistí agus na tuismitheoirí a d’fhreastail air an-sult as. 

 

Is amhlaidh a d’eagraigh Gráinne Reilly, bean a oibríonn d’Fhéile an Phobail, an t-imeacht toisc go bhfuil a fhios aici go bhfuil páistí a bhfuil Gaeilge acu i neart teaghlach sa cheantar ach nach bhfuil Gaeilge ar bith ag na tuismitheoirí. Mar sin de, bhí sí ag iarraidh deis a thabhairt do theaghlaigh freastal ar imeachtaí le chéile agus go mbeadh an Ghaeilge mar chuid dena imeachtaí céanna

 

Labhair Meon Eile le Gráinne Reilly ag an imeachtagus le Seán Ó Muireagáin a bhí ina scéalaí don oíche agus labhair muid le Drithle Adams chomh maith, bean a rinne roinnt ealaíne leis na teaghlaigh. 

Close
Close