Iascairí Loch an Iúir

Bunaíodh Cumann Iascaireachta Loch an Iúir sa bhliain 1942.

Tá cumann láidir ar an bhaile go fóill a ritheann comórtais go rialta le linn an tséasúir.

Is loch mhór thorthúil í Loch an Iúir atá 4km ar fhad. Tá neart bradán, breac donn agus breac geal le fáil inti, rud a mheallann na céadta iascaire chuig an loch gach bliain.

cearta iascaireachta na locha ag an chumann agus is féidir ceadúnas a fháil ó na baill, chomh maith le bád a fháil ar cíos.

Tá sé mar sprioc ag coiste an chumainn na héisc agus an timpeallacht a chaomhnú.

Níl cead agat aon bhreac a mharú agus caithfear iad a chur ar ais sa loch arís - deir an coiste go bhfuil sé riachtanach amhlaidh a dhéanamh chun an stoc éisc a chaomhnú.

Chomh maith leis sin cuireann siad béim ar na crainn agus an nádúr thart ar an loch.

D'éirigh leis an chumann deontas a fháil ar na mallaibh chun bád úr a cheannach atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí.

Thug muid cuairt ar iascairí Loch an Iúir agus iad ag ullmhú le haghaidh an chomórtais is mó atá acu sa bhliain.

Close
Close