Grúpaí áitiúla ag dul i ngleic leis an ghéarchéim costas maireachtála

Tá an ghéarchéim costas maireachtála i mbéal an phobail na laethanta seo agus níos mó daoine ag brath ar na bainc bhia ar bhonn seachtainiúl.

Tá seo feicithe ag an South-West Belfast Food Bank ar na mallaibh le méadú suntasach i líon na ndaoine atá ag baint úsáid as a gcuid séirbhísí.

Bíonn an Lenadoon Women’s Group ag obair go dlúth leis an bhanc bia seo agus cuidíonn siad lena chéile nuair atá seirbhís nó achmainn de dhíth orthu.

Labhair muid le Fiona Maguire agus Bronagh Moore ón Lenadoon Women’s Group faoin obair a bhíonn ar bun acu faoi láthair agus faoin deacracht atá ann leis an éileamh suntasach seo a fhreagairt. Labhair muid fosta le hAlaóise Ní Thomáis atá ag freastal ar Ollscoil Uladh ar champas Mhig Aoidh i gcathair Dhoire faoi láthair faoin deacracht airgid a bhíonn ag na mic léinn agus faoin tábhacht atá ag baint leis na bainc bhia dar léi.

Close
Close