Siúlóid chomórtha in ómós do dhaoine a díbríodh le linn an Ghorta Mhóir

Shiúil grúpa ó Bhéal na mBuillí i Ros Comáin go Baile Átha Cliath an tseachtain seo caite in ómós daofa súid a rinne an turas céanna nuair a díbríodh as an tír iad le linn an Ghorta Mhóir.

Díbríodh beagnach 1,500 duine - fír, mná agus páistí - as eastáit Denis Mahon i mBéal na mBuillí sa bhliain 1847.

Faoi stiúir an bháille Robhinson, shiúil na daoine bochta seo an bealach ar fad go Baile Átha Cliath.

Is i mBaile Átha Cliath a fuair siad bád go Learpholl agus as sin ar aghaidh go Ceanada, ach níor mhair a leathchuid acu an turas.

Cé gur tréimhse ghruama a bhí ann i stair na hÉireann bhí an dream a bhí ag siúl an tseachtain seo caite ag iarraidh comóradh a dhéanamh ar na daoine féin.

Shiúil an grúpa an turas 155km taobh isitgh de 6 lá.

Chas muid orthu agus iad ag deireadh a dturais ar a mbealach go Cé Átha Cliath.



Close
Close