Meitheal Uí Chadhain ag dul chun na hAmasóine amárach ar thuras dlúthpháirtíochta

Beidh Meitheal Uí Chadhain, grúpa de ghníomhaithe óga teanga, ag dul ar thuras mór dlúthpháirtíochta chun na hAmasóine amárach ar feadh coicíse. Agus iad ann, beidh na Gaeil óga ag bualadh le bundúchasaigh na háite agus ag foghlaim uathu, agus aird ar leith acu ar an fheachtasaíocht timpeallachta ón talamh aníos.

D'fhreastail Meon Eile ar an oíche tiomsaithe airgid dheireanach ar son an turais i gCumann na Meirleach in Iarthar Bhéal Feirste ar na mallaibh, áit a raibh 'Oíche na Rásaí’ ar siúl. Labhair muid le beirt a bheas ag dul ar an turas, mar atá Eoghan Ó Garmaile agus Eoghan Ó Conghaile.

Bhí sé de sprioc ag Meitheal Uí Cadhain £10,000 a thiomsú le dul i dtreo na n-eitiltí chun na Brasaíle agus le hairgead a bhronnadh ar na bundúchasaigh. Bhain siad amach an sprioc sin níos gaiste ná mar a shíl siad agus mar sin de beidh i bhfad níos mó ag dul i dtreo an phobail dúchais - rud ar léiriú maith é ar an dlúthpháirtíocht phraiticiúl.

Buíochas le Bayview Media as an fhíseán a chur ar fáil dúinn.

Close
Close