Gradam Raidió Fáilte 2026 bronnta ar mhná Ghaeltacht Bhóthar Seoighe

Bhí mná misniúla Ghaeltacht Bhóthar Seoighe i lár an aonaigh agus an Gradam Raidió Fáilte 2026 bronnta orthu. Tugann Raidió Fáilte i mBéal Feirste an duais seo ar bhean, nó ar ghrúpa ban sa chás seo, as an tionchar atá acu ar saol na Gaeilge sa chathair. 

Bhí na mná seo lárnach i luathlaethanta Ghaeltacht Bhóthar Seoighe agus i mbunú Bhunscoil Phobail Feirste in Iarthar Bhéal Feirste. Is mór an éifeacht a bhí acu ar chuid mhaith de na haiseanna agus ionaid Ghaeilge atá sa Tuaisceart inniu. 

Is í an Dr. Gabrielle Nig Uidhir, a rinne taighde ar phobal Bhóthar Seoighe dá PhD, a bhronn an gradam ar an lá. D’inis sí dúinn faoin tionchar fhadtéarmach atá agus a bheas ag an obair dhícheallach a rinne na mná seo i gcaitheamh na mblianta.

Bhí baill teaghlaigh i láthair chomh maith agus labhair muid le Róise agus Coillín, gariníonacha Mhaire Mhic Sheáin, faoin spreagadh a thug seanmháthair s’acu dóibh agus an bród a mhothaíonn siad anois go bhfuil an t-aitheantas bronnta orthu ó Raidió Fáilte.

Bhí Caoimhe Ní Chathail, craoltóir aitheanta atá ar Bhord Raidió Fáilte, mar bhean tí ag an ócáid agus labhair sí faoin tábhacht a bhaineann le moladh agus aitheantas ceart a thabhairt do na mná spreagúla seo a rinne obair na gcapall ar son na Gaeilge le linn a saoil.

Seo thíos liosta na mban ar ar bronnadh Gradam Raidió Fáilte 2026:

Caitlín Mistéil 

Maire Bean Mhic Sheáin 

Bríd Mhic Sheáin 

Brighid Uí Mhonacháin 

Máire Uí Bhruadair 

Anna Nic an Iolair 

Áine Andrews 

Rhian Andrews 

 

Ar shlí na fírinne:

Cristín Uí Bhruadair 

Monica Mhic Giolla Cathain 

Áine Mhic Aindreasa 

Caitlín Uí Anluain 

 

Mná nár chónaigh sna tithe ach a raibh páirt acu sa phobal agus sa scoil sna luathlaethanta:

Aingeal Uí Choisneacháin 

Máire Mhic Ainmhire 

Máire Dhubh Uí Chearbhalláin 

Máire Andrews 

Caitlín Nic Carráin 

Máire de Brún 

Brenda de Bléine 

Nóirín Ailf Ní Mhurchú 

Máire Nic Diarmada

Close
Close