Glór na Móna ag seasamh in aghaidh na héagóra

I mí Eanáir i mbliana, fuair Glór na Móna amach go mbeadh siad ag cailleadh maoiniú ón Údarás Oideachais. £86k an méid a bhí siad ag cailleadh, agus de bharr seo, bhí orthu seirbhísí tábhachtacha a chur ar ceal agus 5 oibrí a ligean chun bealaigh. (Rinne Meon Eile tuairisciú ar an scéal seo agus is féidir leat é a fheiceáil thíos).

 Ar ndóigh, ní raibh Glór na Móna sásta leis seo agus chuaigh an fhoireann i mbun feachtasaíochta. Reáchtáil siad cruinniú le muintir an cheantair agus d’eagraigh siad agóid. Agus tacaíocht acu ón chathair ar fad, scoileanna áitiúla agus polaiteoirí san áireamh, ghlac siad an feachtas síos go dtí foirgneamh an Údaráis Oideachais i lár na cathrach, i mBéal Feirste. 

 Mhothaigh an tÚdarás Oideachais an brú ón phobal agus chinn siad an maoiniú a thabhairt ar ais. Tháispeáin an feachtas seo gur féidir le gníomhaithe agus eagraíochtaí pobail tionchar a imirt ar an chóras agus athruithe a chur i bhfeidhm.

 Cuireann Glór na Móna seirbhísí ar fáil atá ríthábhachtach do phobal na Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste, go háirithe do pháistí agus do dhaltaí scoile. Tá an t-ionad ag cur ar fáil imeachtaí spoirt agus ceoil, léachtanna, seirbhísí pobail agus lear mór rudaí eile do phobal na Gaeilge i mBéal Feirste.

Le tuilleadh eolais a fháil ar Ghlór na Móna agus ar na seirbhísí a chuireann siad ar fáil, gabh anseo. 

Is féidir ár bhfíseán “£86,000 de chiorruithe ar mhaoiniú Ghlór na Móna” a fheiceáil anseo.

Close
Close