'An Nollaig Dhraíochta', geamaireacht le hAisling Ghéar

Bhí geamaireacht na Nollag, 'An Nollaig Dhraíochta' ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste an tseachtain seo caite. Bhí léiriú scoile ar siúl do dhaltaí Choláiste Feirste agus is cinnte go raibh spiorad an tséasúir beo san amharclann agus na páistí ag baint sult as an damhsa agus as an aisteoireacht den scoth.

Bhí Meon Eile i láthair leis an gheamaireacht a fheiceáil agus labhair muid leis na daltaí faoin seó. Ina theannta sin, labhair Bríd Ó Gallchoir, stiúrthóir Aisling Ghéar, faoin phróiseas a bhain leis an gheamaireacht a chur ar ardán agus faoi cé chomh maith is atá sé na hamharclanna a bheith lán go doras arís.

Close
Close