GaelVóta 2023

Reáchtáil Conradh na Gaeilge ócáid i lár Bhéal Feirste ar na mallaibh inar tugadh cuireadh do pholaiteoirí áitiúla suí agus comhrá a dhéanamh le baill na n-eagraíochtaí Gaeilge le ceisteanna na ngrúpaí Gaeilge a phlé.

Leagadh 5 phríomhghealltanas amach a bhfuiltear ag iarraidh ar chomhairleoirí glacadh leo.  Is iad sin;

  • Glacadh le polasaí agus straitéis don Ghaeilge.
  • Seibhísí a sholáthar i nGaeilge.
  • Áiseanna a chur ar fáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chaomhnú.
  • Feiceálacht na Gaeilge a mhéadú.
  • Feasacht a ardú agus dul i ngleic le claontacht i gcoinne na teanga.

Labhair Meon Eile le Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge agus le Brian Mac an tSionnaigh ó Ionad Uíbh Eachach a bhí dóchasach faoin chruinniú  leis na comhairleoirí. Labhair muid fosta le Sinéad Nic Colaim ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich a dúirt go bhfuil neart le déanamh go fóill.

Is feidir tuilleadh eolais a fháil faoi na 5 choimitmint anseo.

Close
Close