Gaeilge24 i mBéal Feirste

Cuireadh Gaeilge24 ar siúl arís i mbliana, ócáid bhliantúil de chuid Chonradh na Gaeilge a spreagann daoine an Ghaeilge a labhairt don lá ar fad, 24 uair an chloig, ar an 14 Samhain.

Bhuail Meon Eile isteach go Coláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste, áit a raibh tráth na gceist á eagrú le ceiliúradh a dhéanamh ar an lá. Bhí an deis againn labhairt le hUachtarán an Chumainn Ghaelaigh, Seán Mac Lochlainn, agus leis an Leas-Uachtarán, Aimée Ní Aodha. D'fhoghlaim Seán an Ghaeilge agus é ar an mheánscoil agus d'fhreastail sé ar chúrsa Gaeltacht cúpla uair agus é ag fás aníos chomh maith. I gcás Aimée, áfach, roghnaigh sí staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge as a stuaim féin óir ní raibh an teanga ar fáil di. Tá an bheirt acu i mbun Céim Oideachais sa Ghaeilge agus ag baint sult agus tairbhe as.

Thug muid cuairt ar eagraíocht Ghaeilge in Oirthear Bhéal Feirste, Turas, chomh maith. Bhí maidin chaifé agus ranganna Gaeilge ar siúl acu ar an lá. Labhair muid le Stiofán Carson, an tOifigeach Forbartha Acmhainní, faoin tábhacht taobh thiar den fheachtas. Ní raibh teacht ag Stiofán ar an teanga agus é ag fás aníos, seachas na cláracha ar nós 'Spongebob' a fheiceáil ar TG4 corruair. Nuair a bhog sé isteach i sráidbhaile na mac léinn in Ollscoil na Ríona, Elms, áfach, bhuail sé le beirt chainteoirí líofa agus is ansin a thosaigh sé ag cur suim sa Ghaeilge mar theanga bheo. D’éirigh leis A-Leibhéal Gaeilge a bhaint amach in 2019 agus ansin chur sé tús le Céim 3ú Leibhéal sa Ghaeilge ag Ollscoil Uladh. Fuair sé an chéim níos luaithe i mbliana agus tá sé ag obair ag Turas le bliain anuas. Ar an ábhar gur thosaigh Stiofán a aistear leis an teanga píosa beag níos faide anonn sa saol, tá sé paiseanta faoin Ghaeilge a chur ar fáil do dhaoine nach mbíonn mórán de chur amach acu uirthi roimhe sin.

Close
Close