Forgneamh nua ag cumann iarscoile Theach Mhamó

Is naíolann agus ionad cúraim lae é Teach Mhamó in Iarthar Béal Feirste a bunaíodh in 2015, agus anois tá cumann iarscoile úrnua acu chomh maith.

Osclaíodh an cumann iarscoile ag tús na bliana agus é suite díreach taobh le foirgneamh an Andersonstown News. Tá spás ollmhór ann le seomraí don obair scoile agus seomra súgartha, comh maith le cistín le go mbeidh siad ábalta béilí a ullmhú do na páistí.

Dúirt Nuala McCusker, bainisteoir Theach Mhamó, gurb í sláinte na bpáistí an phríomhfheidhm a bhaineann leis an chumann iarscoile agus go mbeidh deis acu bualadh le páistí eile agus obair a dhéanamh i spás deas suaimhneach.

Labhair muid fosta le Síobhra Nic Uilcín, an Stiúrthóir Iarscoile, a rinne cur síos ar an obair a dhéanann sí agus ar na cáilíochtaí atá faighte aici dá barr.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Teach Mhamó ar 02890 614987 nó ar ríomhphost ag [email protected]

Close
Close