Foirgneamh nua ag Ionad na Fuiseoige

An tseachtain seo caite bhí pobal Gaeilge Chill Uaidh ag ceiliúradh oscailt oifigiúil Ionad na Fuiseoige ar Bhóthar Chnoc an tSamhraidh. Le dhá bhliain déag anuas bhí an t-ionad ag iarraidh infheistíocht a aimsiú agus cúig bliana ó shin fuair siad £2.1m le foirgneamh nua a thógáil. 

Osclaíodh an t-ionad in 1985 agus tháinig méadú ollmhór ar shaol na Gaeilge sa cheantar ó shin. Le himeacht na mblianta tógadh naíscoil agus bunscoil agus anois tá ionad ar ardcaighdeán acu chomh maith. 

San ionad nua tá amharclann, roinnt seomraí ranga, clóis súgartha, seomra ríomhairí agus seomra ealaíne. Cuireann siad ranganna ceoil, damhsa agus Gaeilge ar siúl. Tá liosta iomlán d’imeachtaí an ionaid le feiceáil ar an suíomh idirlín anseo.

Fosta, is féidir scairt a chur orthu ar 02890620373

Close
Close