Féile Soma 2024

Le breis agus deich mbliana tá an fhéile Soma á reáchtáil i gCaisleán Uidhilín, Contae an Dúin. Féile trí lá atá a thugann meascán d'imeachtaí chuig an bhaile bheag faoi scáth Bheanna Boirche: ceol, gníomhaíochtaí do pháistí, imeachtaí dúlra agus tuilleadh eile nach iad. Is cóisir é inar féidir le pobal iomlán Chaisleán Uidhilín, agus le cuaiteoirí as na ceithre hairde, páirt a ghlacadh ann. 

Thug Meon Eile cuairt ar Soma na bliana seo ag deireadh mhí Iúil agus labhair muid leis an cheoltóir Gráinne Holland a d'eagraigh ócáid mhiotaseolaíoch cheolmhar. Labhair muid fosta le fear Ghráinne, Frainc Mac Cionnaith, a oibríonn le Glór na nGael, a dúirt go bhfuil an fhéile iontach maidir leis an phobal áitiúil a thabhairt le chéile gach bliain.

Mhínigh beirt de lucht eagraithe na féile, Áine Nic Luirg agus Anna Ní Nualláin, an tábhacht a bhaineann le cultúr agus teanga a chur san áireamh sna himeachtaí chomh maith.

Bhí féile na bliana seo ar siúl ón 19 – 21 Iúil agus tá bláisín de le fáil san fhíseán thíos. 

Tá tuilleadh eolais faoi Soma anseo.

Close
Close