Féile na gCloigíní Gorma 2021

Faoi scáth an tSléibhe Dhuibh a seoladh Féile na gCloigíní Gorma 2021 Dé hAoine seo caite, agus tá neart imeachtaí i ndiaidh titim amach mar chuid den fhéile ó shin. Cuireadh na himeachtaí ar ceal anuraidh mar gheall ar phaindéim Covid-19 ach d’oibrigh coiste na féile go crua chun ocáidí ar líne agus taobh amuigh a eagrú i mbliana.

Bhí dúshlán i gceist leis seo ach, mar a luaitear san fhíseán thuas, tá na himeachtaí ar fáil anois ag an domhan mór agus chan ag muintir na háite amháin.  

I measc na n-imeachtaí faoin aer ar an Sliabh Dubh tá ióga agus siúlóidí sa dúlra.

Tá tuilleadh eolais faoi fhéile na bliana seo le fáil ach ‘Féile na gCloigíní Gorma’ a chuardach ar Twitter, Facebook nó Instagram.

Close
Close