Féile na Carraige 2024 faoi lán seoil

Tá Féile na Carraige 2024 faoi lán seoil agus clár siamsiúil spreagúil eagraithe arís i mbliana ag foireann dhíograiseach Ghlór na Móna agus ag a gcomhpháirtithe. Is féile speisialta í i mbliana mar gheall ar an chlochmhíle atá bainte amach: is é sin go bhfuil 20 bliain imithe ó bunaíodh Glór na Móna in 2004. 

Is é mana na féile ná 'Páirteachas, Polaitíocht, Pobal' agus déantar iarracht ar leith an t-éiteas agus an fhís sin a nascadh in achan uile imeacht, ní hamháin san fhéile féin ach sna himeachtaí a eagraítear tríd an bhliain ar fad chomh maith.

D'fhreastail Meon Eile ar sheoladh na Féile Dé hAoine seo caite i nGael-Ionad Mhic Goill, ionad pobail de chuid Ghlór na Móna, áit a raibh píosa beag amhránaíochta ó chór Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh, bia blasta ón ghrúpa feachtasaíochta 'Kind Economy' de chuid na heagraíochta PPR (Partipcipation and the Practice of Rights), píosa scríbhneoireachta curtha i láthair ag Brónagh Fusco a rinne machnamh ar dhul chun cinn an eagrais agus an phobail araon, agus focal na féile ón Oifigeach Cúnta Pobail, Tarlach Barclaigh.

Críochnóidh an Fhéile ar an Satharn beag seo le dinnéar ceiliúrtha ag Halla na Cathrach, Béal Feirste, le roinnt aoichainteoirí, siamsaíocht agus craic. Tá réimse leathan d'imeachtaí eagraithe idir an dá linn áfach agus is féidir clár na Féile a fheiceáil anseo.

Close
Close