Féile na Carraige 2020

I mbliana beidh Féile na Carraige ag dul ar aghaidh le clár fíorshuimiúil lán le politíocht, stair, spraoi agus ceol. Beidh muintir Ghlór na Móna in iarthar Bhéal Feirste ag cur tús leis an fhéile innú, Dé Céadaoin an 14 Deireadh Fómhair, agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an Satharn beag seo.

Cé nach raibh an méid céanna maoinithe ar fáil i mbliana chinn lucht a heagraithe an fhéile bhliantúil a chur ar siúl cá bith agus, le cuidiú ó Fhoras na Gaeilge, bhí siad in ann ceithre lá a líonadh le himeachtaí éagsúla a chuirfeadh siamsa breá ar bun faoi choinne mhuintir Uachtar Cluanaí agus daoine níos faide i gcéin.

Beidh an chuid is mó den fhéile ag tarlú go fíorúil ar ndóigh mar gheall ar an choróinvíreas ach is liosta le háireamh iad na nithe atá beartaithe: cainteanna ar chúrsaí pobail agus staire, ceardlann grianghrafadóireachta le Mal McCann agus, le clabhsúr a chur leis an fhéile, beidh ceolchorim ann le Clann Mhic Corraidh. 

Bhuail Meon Eile le Feargal Mac Ionnrachtaigh agus Gearóidín Nic Cathmhaoil ó Glór na Móna agus thug siad beirt cur síos ar an fhéile agus ar an tábhacht a bhaineann lena leithéid don cheantar, go háirithe i laethanta seo an víris.

Is féidir Facebook Glór na Móna a leanúint anseo le tuilleadh eolais agus clar na féile a fháil.

Close
Close