Féile Léargas ag fás agus ag forbairt in 2024

Tá feabhas agus dul chun cinn déanta ag an fhéile Léargas gach bliain ó sheol Ionad Uíbh Eachach in 2021 í.Cé go bhfuil an fhéile beag i gcomparáid le féilte áitiúla eile timpeall uirthi, mar gheall ar an éileamh, tá an fhéile seo ar siúl do mhí an Mheithimh ar fad, in áit seachtain amháin mar a bhí sé in 2021.

Bunaíodh an fhéile Léargas do chainteoirí Gaeilge sa phobal, dóibh siúd atá ag foghlaim Gaeilge agus do theaghlaigh a bhaineann úsáid as seirbhísí Ionad Uíbh Eachach.

Thug Meon Eile cuairt ar an fhéile i mbliana agus labhair muid le Brian Mac an tSionnaigh, duine d’eagraithe na féile. Chuaigh muid ar roinnt de na himeachtaí a bhí ar siúl chun blaiseadh a thabhairt sa scannán thíos. Beidh imeachtaí ar siúl ag an fhéile ón 3 Meitheamh go dtí an 28 Meitheamh. 

 Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo

Close
Close