Féile Inis Bó Finne 2019


Tá Inis Bó Finne suite trí chiliméadar amuigh ó Mhachaire Rabhartaigh ar chósta Dhún na nGall. Ó bhí na 1970aidí ann, ní raibh duine ar bith ina gcónaí go buan ann i rith na bliana.

Ina ainneoin sin, tá Féile Inis Bó Finne á reáchtáil ann ag coiste deonach gach bliain le tamall de bhlianta anuas.

I mbliana chuaigh idir bhunadh an oileáin agus chuairteoirí isteach chun na féile le sult a bhaint as an aimsir ghalánta agus as an chlár lán d'imeachtaí.

Bhí comórtas sacair seachtar an taobh ann, rás 5km, rás na gcurrach agus lá spraoi do pháistí, agus baineadh súp mór as an aicsean uilig.

Chuaigh Meon Eile isteach go hInis Bó Finne chun blaiseadh a fháil d'Fhéile 2019...

Close
Close