Fear Gaeltachta ag rith 52 mharatón i 52 sheachtain ar son LauraLynn

Tá Ciarán Ó Domhnaill as Rann na Feirste ag rith 52 mharatón i 52 sheachtain mar chuid de dhúshlán Ray D'Arcy ar son na carthanachta LauraLynn. Thosaigh Ciarán an dúshlán ar an chéad lá de mhí Eanáir 2021 agus beidh sé ag críochnú an 31 Nollaig 2021.

Is é atá i gceist leis an dúshlán ná fad 52 mharatón a rith gach seachtain. Mar sin, is féidir cibé achar is mian leat a dhéanamh ar aon lá amháin, fhad is go bhfuil fad maratóin rite agat sa tseachtain. Bheartaigh Ciarán ar rith a dhéanamh gach lá agus fad maratóin a dhéanamh thar 7 lá gach seachtain.

Tá airgead á bhailiú ag Ciarán don charthanacht LauraLynn a bunaíodh sa bhliain 2010. Carthanacht atá ann a chuidíonn le teaghlaigh a bhfuil páistí tinne acu. Tacaíonn siad leo agus iad ag dul trí am iontach deacair.

Is féidir leat tacú le dúshlán Chiaráin anseo.

Close
Close