Tháinig gníomhaithe meabhairshláinte le chéile i bPáirc na bhFál, Iarthar Bhéal Feirste, ar na mallaibh agus iad ag iarraidh ar an Rialtas straitéis níos fearr a chur i bhfeidhm maidir leis an ghéarchéim mheabhairshláinte atá ann faoi láthair.
Is é an grúpa feachtais Script Nua don Mheabhairshláinte a d’eagraigh an t-imeacht thart ar Lá Domhanda na Meabhairshláinte. Deir siad go bhfuil barraíocht béime á cur ar an duine féin ata ag fulaingt seachas ar na fadhbanna sa tsochaí is cúis leis an imní atá ar dhaoine.
Le linn na hócáide, nocht an grúpa feachtas nua dar teideal ‘Tabhair 5’ (Give 5). Leanann sé seo an togra de chuid na Gníomhaireachta Sláinte Poiblí, ‘Tóg 5’ (Take 5).
Cé go mbíonn ‘Tóg 5’ ag moladh go n-amharcann daoine orthu féin agus ar na rudaí a thig leo a dhéanamh dóibh féin, molann ‘Tabhair 5’ do dhaoine breathnú thart orthu: ar na seirbhísí poiblí atá ar fáil agus in easnamh, agus ar an Rialtas, agus athruithe móra a éileamh dá réir.
Bhí an ceoltóir aitheanta Gráinne Holland ann leis an togra a sheoladh, agus le labhairt agus le canadh dóibh siúd a bhí i láthair.
Labhair sí linn faoi chuid den streachailt a bhí aici féin lena meabhairshláinte agus faoin taithí a bhí aici le seirbhísí meabhairshláinte anseo sa Tuaisceart.
Labhair muid fosta le Sara Boyce, eagraí de chuid an ghrúpa Script Nua do Mheabhairshláinte a d’inis dúinn faoin fheachtas féin.

