Cuireadh an chéad rang de cheardlann garraídoireachta ar siúil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich in Iarthar Bhéal Feirste ar na mallaibh. ‘Fás do Chuidse’ is ainm di, atá eagraithe idir an Chultúrlann agus Comhairle Chathrach Bhéal Feirste.
Is é aidhm don ceardlann seo ná an ‘Gairdín Dín’ sa bhfoirgneamh a athrú ó bhonn ó spás nach raibh in úsáid go minic, go dtí spás pobal, lán go béal le plandaí, bláthanna, luibheanna agus glasraí.
Bhí Meon Eile i láthair don chéad ceardlann seo, nuair a bhí na rannpháirtithe ag cuir síolta éagsúla agus ag obair ar chuid de na ceapacha atá ann cheana.
Labhair muid le Cónall Ó Corra, atá ceaptha mar Stiúrthóir ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich le dhá mhí anuas. Tá seisean tiomanta chun an spás dín a oscailt don phobal, ní amháin na Gaeilgeoirí ach fiú daoine gan focal Gaeilge ar bith, tríd na ceardlanna seo ina mbíonn focail Gaeilge fite fuaite.
Is é Micí Mac Corraidh a bhíonn i mbun na ceardlanna seo, agus é paiseanta faoin garraídóireachta le níos mó na 20 bliain anuas. Oibríonn Micí mar Comhordaitheoir Tionscadail an Iarthar le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus bíonn sé ag teagasc ar cheardlanna ar nós an ceann seo mar chuid de phost s’aige.
Beidh ‘Fás do Chuidse’ ag leanúint ar aghaigh thar an samhradh, ag bualadh le chéile achan cúpla seachtaine. Má tá suim agat bheith páirteach ann, téigh i dteagmháil le [email protected] nó chuig meáin shóisialta Cultúrlann McAdam Ó Fiaich.