Eagraíodh ócáid fáiltithe don Choimisinéir Gaeilge, an Dr. Pól Deeds, i gCumann Chluain Árd in Iarthar Bhéal Feirste i mí na Nollag. Ba é seo an chéad imeacht a reáchtáladh ar son an Choimisinéara ó ceapadh é sa ról i mí Dheireadh Fómhair 2025.
Bhailigh Gaeilgeoirí agus ionadaithe ó na heagraíochtaí Gaeilge sa chathair chun éisteacht leis na spriocanna agus na pleananna atá ag an Choimisinéir don bhliain atá amach romhainn.
Labhair daoine éagsúla ar an lá: an Dr. Séamas Ó Donnghaile, Máirtín Ó Muilleoir, Fionnuala Nic Thom agus Pól Deeds é féin. Pléadh roinnt ábhar amhail féidearthachtaí an róil, an tábhacht a bhaineann leis, agus na dúshláin i gcás na reachtaíochta.
Agus é ag caint le Meon Eile, d’inis Pól dúinn faoi na spriocanna atá aige don tréimhse cúig bliana agus é ag iarraidh an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn sna húdaráis.
Bhí bród nár bheag ar phobal na Gaeilge as an cheapachán, go háirithe ar an Dr. Séamas Ó Donnghaile as Cumann Chluain Árd a d’inis dúinn faoi stair an Chumainn agus faoin dóchas atá ag pobal na teanga anois go bhfuil an Coimisinéir i mbun oibre.
Labhair Meon Eile fosta le Fionnuala Nic Thom, Oifigeach Forbartha an Droichid, áit ar oibrigh Pól ina Phríomhfheidmeannach ar feadh tamall maith blianta. Tá Fionnuala ag dúil go mór le toradh obair an Choimisinéara a fheiceáil in earnáil na Gaeilge agus go forleathan sa tsochaí ó Thuaidh.


