Féile Scoldrámaíochta Bhéal Feirste

Feile 2014

Is í Gaelscoil na bhFál curadh Fhéile Scoildrámaíochta Bhéal Feirste. Seo an dara bliain as a chéile don scoil an gaisce a dhéanamh le léiriúchán faoi shaol na cathrach le linn an Dara Cogadh Domhanda.

Ocht nGaelscoil a chuaigh chun ardáin le linn na féile agus bhí idir drámaí cogaíochta, drámaí aistrithe agus ceoldrámaí i measc na léiriúchán.

Roghnaíodh Bunscoil Phobal Feirste, Bunscoil Naomh Pádraig agus Bunscoil an tSléibhe Dhuibh i dteannta Ghaelscoil na bhFál chun ionadaíocht a dhéanamh ag Féile Uladh.

Chaith Meon Eile lá na féile cois ardáin, seo chugaibh buaicphointí na haisteoireachta, an cheoil agus siamsaíochta na féile…

Close
Close