Tionchar phaindéim COVID-19 ar chúrsaí gnó

Rinne na húdaráis cinneadh comhlachtaí neamhriachtanacha a dhúnadh an 18 Márta i ndeisceart na hÉireann agus an 21 Márta sa tuaisceart chun cuidiú leis na hiarrachtaí paindéim COVID-19 a smachtú.

Labhair Órla Nig Oirc le Meon Eile faoin tionchar a bhí ag an chinneadh seo ar chomhlacht a páirtí, Paddy Joe Blac,  agus é ina úinéir ar halla aclaíochta. Luaigh sí na mothúcháin a bhí acu roimh theacht isteach na mbeart dianghlasála, faoin imní a bhí orthu agus faoi cad atá á dhéanamh acu chun déileáil leis.

Anois agus an halla aclaíochta dúnta ar feadh míosa tá páirtí Órla ag obair le baill an ghiomnáisiam le ranganna aclaíochta agus comhdhálacha srl. a chur ar siúl ar líne.

Close
Close