Seachtain Feasachta i leith Sábháilteacht ar Bhóithre

Tá seachtain feasachta i leith sábháilteacht ar bhóithre ag teacht chun deiridh sna 26 chontae ach tá an-tábhacht leis an obair seo i gcónaí, go háirithe agus na laethanta ag éirí níos dorcha an tráth seo bliana.

De réir staitisticí ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA), tháinig laghdú suntasach ar líon na ndaoine a maraíodh ar na bóithre an bhliain seo caite, 2017, i comparáid le 2016, ach tá breis feasachta de dhíth leis na figiúirí a ísliú a thuilleadh.

Bhuail muid le cailín óg cróga agus a máthair a ndeachaigh an t-ábhar seo go mór i bhfeidhm orthu.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi shábháilteacht ar bhóithre, téigh go dtí http://www.rsa.ie/en/RSA/Road-Safety/Campaigns/Current-road-safety-campaigns/Irish-Road-Safety-Week-2018/

Close
Close