‘Díchoilíniú: Spórt, Teanga agus Timpeallacht’ - comhrá le Diarmuid Lyng

Thug Glór na Móna cuireadh do Dhiarmuid Lyng teacht chuig Gael-Ionad Mhic Ghoill in Iarthar Bhéal Feirste le haghaidh ócáide dar teideal ‘Díchoilíniú: Spórt, Teanga agus Timpeallacht’. Shuigh sé leis an láithreoir agus scríbhneoir Tomaí Ó Conghaile le go leor gnéithe den ábhar seo a phlé.

Iománaí iomráiteach é Lyng a bhí ina chaptaen ar fhoireann Loch Garman tráth sular cuireadh cor ina chinniúint. I ndiaidh tréimhse ag taisteal, bhog sé go Corca Dhuibhne agus casadh air a bhean chéile, an file Siobhán de Paor. Ó shin tá an bheirt acu ag reáchtáil ócáidí dar teideal Wild Irish Retreats, eispéiris ar leith a thugann deis do dhaoine athcheangal a dhéanamh leis an dúlra, leis an Ghaeilge agus leo féin dá réir.

Labhair Meon Eile le Diarmuid faoina chuid oibre agus faoin phaisean atá aige don teanga agus don timpeallacht. Labhair muid le Tomaí Ó Conghaile fosta a bhí ina Fhear an Tí ar an oíche agus a chuir agallamh ar Dhiarmuid os comhair an lucht féachana. Agus dúirt Feargal Mac Ionnrachtaigh ó Ghlór na Móna linn go raibh siad ar bís go raibh Diarmuid leo don phlé.

Tá tuilleadh eolais ar an obair a dhéanann Diarmuid le fáil anseo.

Close
Close