Cúrsa traenála nua ag Raidió Fáilte

Is stáisiún raidió pobail é Raidió Fáilte atá lonnaithe i mBéal Feirste agus mar chuid den obair a bhíonn idir lámha acu, bíonn an fhoireann tiomanta daoine a spreagadh teacht agus seónna deonacha a dhéanamh mar chuid den aschur.

Chun daoine a mhealladh i dtreo na craoltóireachta, cuireann Raidió Fáilte cúrsaí traenála ar fáil saor in aisce don phobal, ag teagasc an dóigh le seó raidió a chrúthú ó thus go deireadh.

Tá foireann traenála nua ag an staisiún anois, a tháinig in áit Dhónaill Mhic Mhurchaidh a d'oibrigh ag an stáisiún le blianta fada. Is iad Storm Eaton-Kilgallen agus Pól Ó Néill atá i mbun na gcúrsaí anois agus labhair Meon Eile leo agus iad i lár a gcéad chúrsa.

Labhair Pól agus Storm faoin tábhacht a bhaineann le gúthanna ón phobal a chluisteáil ar Raidió Fáilte agus faoin modh traenála atá siad ag iarraidh a chur chun tosaigh as seo amach.

Bhí deis againn fosta labhairt le duine de na traenálaithe nua atá ag freastal ar an chúrsa, Eoin Mag Loinsigh, faoin sult atá sé ag baint as an chúrsa agus na spriocanna atá aige don todhchaí.

Close
Close