Cúrsa seachtaine Gaeilge ag Glór na Speiríní

Bhí cúrsa seachtaine d'fhoghlaimeoirí Gaeilge ar siúl ag Glór na Speiríní ar na mallaibh agus bhuail Meon Eile isteach leo lena thuilleadh a fháil amach faoi.

Tá Conchúr Ó Muirí ag obair mar Oifigeach Forbartha Gaeilge do Ghlór na Speiríní agus is é a d'eagraigh an cúrsa cúig lá do bhunfhoghlaimeaoirí, mar aon le meánrang agus ardrang.

Bhí ranganna ó 10rn go 1in acu gach lá agus bhí an rogha acu fanacht sa tráthnóna d'imeachtaí breise; tráth na gceist, damhsa ar an seán-nós agus siúlóidí san áireamh.

Is léir go raibh rath ar an chúrsa agus breis is 30 duine sna ranganna gach lá. 

Chinn Coiste Ghlór na Speiríní bliain eile den choláiste a chur ar siúl i mbliana toisc gur éirigh go rímhaith leis anuraidh.

Bhí siúlóid staire ann fosta le Déaglán Ó Doibhlin mar chuid de dheireadh an chúrsa, chomh maith le béile agus seisiún ceoil le ceoltóirí áitiúla.

Close
Close