Seirbhísí Cúraim Lae Ionad na Fuiseoige

D’oscail seirbhísí cúraim lae Ionad na Fuiseoige ar na mallaibh agus labhair Meon Eile le hoifigeach fobartha an Ionaid, Kieran Brady, faoina bhfuil ar fáil acu do mhuintir an cheantair ar imeall Bhéal Feirste.

Tá tuismitheoirí an cheantair ag tacú go mór leis an fhorbairt mar gheall ar na seirbhísí cuimsitheacha a chuirtear ar fáil dóibh le linn na n-uaireanta cúraim lae.

Is soláthraí cúraim leanaí in Ionad na Fuiseoige í Frances Ramsey agus tá a páistí ag freastal ar an Ionad chomh maith. D'inis sí do Meon Eile faoi na buntáistí a bhaineann le páistí a chur ar oideachas Gaeilge agus iad ar aois óg.

Tá níos mó eolais ar fáil ar shuíomh Ionad na Fuiseoige - https://www.ionadnafuiseoige.com/?lang=en

Close
Close