Cumann Cúpla Ciliméadar

Cuireadh tús ar na mallaibh le togra úr darb ainm ‘Cumann Cúpla Ciliméadar’ i gCaifé Anam san Uachtar Chluanaí, iarthar Bhéal Feirste. 

Is iad GaelFit a eagraíonn an cumann reathaíochta seo a bhfuil sé mar sprioc aige spás sábháilte a chur ar fáil do dhaoine chun iad féin a choinneáil aclaí, go háirithe anois agus na hoícheanta ag éirí níos dorcha. Is é Oisín McVicker bunaitheoir GaelFit agus labhair sé le Meon Eile faoin smaoineamh atá taobh thiar den togra nua.

Ghlac Róisín Mhic Sheáin páirt sa chéad rith agus dúirt sí gur mhothaigh sí i bhfad ní ba chompordaí agus í ag rith i gcuideachta daoine eile - molann sí an cumann go hard na spéire.

Labhair muid fosta le Gearóidín Mhic Mhathúna ó Ghlór na Móna agus Caifé Anam faoin dóigh a dtagann an Cumann Cúpla Ciliméadar le mórfhís Anam i dtaca le pobal Gaeilge a chothú agus tacú le himeachtaí sóisialta de gach cineál. 

Beidh an Cumann Cúpla Ciliméadar ag bualadh le chéile i gCaife Anam achan Luan ag 7 i.n. 

Close
Close