Cultúrlann McAdam Ó Fiaich - 30 bliain ar an fhód

In 1991 tháinig pobal na Gaeilge i mBéal Feirste le chéile le mol Gaelach a bhunú ar Bhóthar na bhFál. Bhí spás de dhíth ar an phobal a bhí ag teacht chun cinn, do Mheánscoil Feirste agus do na heagrais éagsúla teanga.

Bhí seaneaglais Phreispitéireach ina luí folamh ar an bhóthar den chuid is mó agus is ann a bhí an t-ionad nua Gaelach le bheith lonnaithe. Cuireadh siopa leabhar agus bialann ar bun, cruthaíodh dánlann, amharclann agus oifigí agus bhog eagraíochtaí isteach san fhoirgneamh, agus anois tá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ar na hionaid Ghaeilge is aitheanta sa tír agus é i gcroílár Cheathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste.

Tá stair shaibhir spéisiúil ag an Chultúrlann le 30 bliain anuas agus, le comóradh a dhéanamh air sin, tá tionscadal úr ann ina léirítear grianghraif, físeáin agus cuimhneacháin eile a bhaineann leis an ionad clúiteach.

Thug Meon Eile cuairt ar an Chultúrlann ar na mallibh agus bhuail muid le triúr a bhfuil nasc ar leith acu leis an áit: Gráinne Ní Ghillín, an comhordaitheoir tionscadal; Colm Mac Aindreasa a d'oibrigh leis an nuachtán Lá san fhoirgneamh tráth; agus Bríd Ó Gallchóir atá i gceannas ar Aisling Ghéar, an comhlacht amharclainne atá i ndiaidh go leor drámaí a chur ar ardán na Cultúrlainne i gcaitheamh na mblianta.

Téigh chuig an suíomh idirlín speisialta, www.culturlann30.com, le breis eolais a fháil faoin tionscadal.

Close
Close