Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ag déanamh réidh le 30 bliain a bunaithe a cheiliúradh

In 2021 beidh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste ag ceiliúradh 30 bliain ar an fhód ach tá tús curtha ag an ionad Gaeilge le cuid de na himeachtaí ceiliúrtha cheana féin.

Tá taispeántas ealaíne spéisiúil nua le feiceáil i nDánlann Dillon, taispeántas ar bailiúchán é de roinnt de na pictiúir a cheannaigh an Chultúrlann, nó a bronnadh uirthi, thar na blianta. Tá baint ag na healaíontóirí leis an ionad fosta, mar shampla tá pictiúr amháin ann le Noirín Uí Chléirigh, iarmhúinteoir ealaíne i Meánscoil Feirste, agus saothar de chuid Gerard Dillon, an t-ealaíontóir ar ainmníodh an dánlann ina dhiaidh.

Tá cuid mhór imeachtaí beartaithe ag an Chultúrlann chun 30 bliain a bunaithe a cheiliúradh agus déanfar an clár a fhógairt in am trátha.

Labhair Meon Eile le Gráinne Ní Ghilín, an Comhordaitheoir Tionscadail nua, faoi stair an fhoirgnimh, faoin taispeántas ealaíne agus faoi na himeachtaí eile a bheidh ar siúil le linn na míosa seo amach romhainn.

Coinnigh súil ar mheán shóisialta na Cultúrlainne leis an scéal is úire a fháil, nó téigh anseo.

Close
Close