D’eagraigh An Dream Dearg cruinniú oscailte i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, ar na mallaibh. Bhí baill den Dream Dearg agus den phobal i gcoitinne i láthair le huasdátuithe, moltaí agus tuairimí a roinnt agus a chluinstin.
Ba é seo an chéad chruinniú a bhí ag an ghrúpa le sé mhí anuas agus rinneadh machnamh mar sin ar na spriocanna a baineadh amach le linn na tréimhse sin. Ina measc bhí an aisghairm a rinneadh i mí Feabhra ar an dlí a chuir cosc ar an Ghaeilge sna cúirteanna ó thuaidh, agus cinneadh an Fheidhmeannais ag tús mhí Márta go gceapfar Coimisinéir na Gaeilge.
Anuas air sin, fógraíodh cúpla lá i ndiaidh an chruinnithe go gcrochfar comharthaí dátheangacha i Mórstáisiún Bhéal Feirste, cúis eile a raibh an-chuid feachtasaíochta á déanamh ag An Dream Dearg ar a son.
Bhí neart plé le linn an chruinnithe ar a bhfuil fós le baint amach. Luadh an ghéarchéim reatha maidir le maoiniú Fhoras na Gaeilge agus pléadh earnáil an Ghaeloideachais agus an gá le tuilleadh infheistíochta a dhéanamh inti. Cuireadh béim ar leith, áfach, ar fheachtasaíocht ar son straitéis oifigiúil ó thaobh na Gaeilge de.
Labhair Meon Eile le Conchúr Ó Muadaigh ón Dream Dearg a raibh an cruinniú á stiúradh aige agus a d’inis dúinn faoi bhuanna an ghrúpa agus faoin mhéid atá fós le baint amach.