Bhailigh baill de phobal Iarthar Bhéal Feirste le chéile in Ionad Uíbh Eachach an tseachtain seo caite le gníomhaíochas frithchiníoch a phlé agus líonra a bhunú le dul i ngleic le fadhb an chiníochais.
Eagraíodh an cruinniú mar gheall ar shraith ionsaithe graifítí a rinneadh sa cheantar ar na mallaibh. Graifítí bagrach a bhí i gceist agus é dírithe ar inimircigh agus ar mhionlaigh eitneacha.
Tá an líonra nua seo ag iarraidh léiriú do na pobail a bhfuil na teachtaireachtaí diúltacha seo dírithe orthu go bhfuil fáilte rompu in Iarthar Bhéal Feirste agus gur áit shábháilte í. Tá siad ag iarraidh chomh maith go gcuirfear lagmhisneach ar dhuine ar bith a mbíonn na hionsaithe seo á ndéanamh acu.
Labhair Meon Eile le Brian Mac an tSionnaigh ó Ionad Uíbh Eachach faoin chruinniú. Chuir Brian béim ar leith ar an ról a bhíonn ag an oideachas nuair a bhítear ag dul i ngleic le dearcthaí atá réamhchlaonta ar bhonn cine.