Cruinneachán an Áthais - Go leor déanta, neart le déanamh

Cruinneachán an Áthais - Go leor déanta, neart le déanamh
Lá Fhéile Pádraig, Béal Feirste
Lá Fhéile Pádraig, Béal Feirste

Máirtín Ó Muilleoir, Comhairleoir Cathrach, Béal Feirste

Is millteanach an t-athrach atá ar Chomhairle Bhéal Feirste 2013 ón chomhairle a ndeachaigh mé isteach ann don chéad uair i 1987.

Teach fuar a bhí ann an t-am sin do náisiúntóirí agus leoga do dhuine ar bith a chreid san iolrachas mar bhunchloch na cathrach.

Bhí sé le sonrú ach go háirithe ar Lá Fhéile Pádraig sna blianta sin; ní bhíodh ceiliúradh ná siamsaíocht de chineál ar bith ann leis an Fhéile Náisiúnta a chomóradh.

Lá saoire a bhí ann, maith go leor, ach bhíodh an Halla féin – Cruinneachán an Áthais – tréigthe ar 17 Márta.

De réir a chéile thug muid faoin doicheall sin a bhí ar na húdaráis aontachtacha roimh Lá na Féile Pádraig.

Eagaraíodh taispeántas ealaíne an Oireachtais sa Halla, tionóladh díospóireachtaí Gaeilge agus óstálódh céilithe.

Inniu tá an roth tiontaithe.

Ach cé go mbíonn ceiliúradh fud fad na cathrach – ar feadh ceithre lá i mbliana dála an scéil – níl oiread Gaeilge le sonrú inniu is a bhíodh sna luath-nóchaidí nuair a d’eagraigh baicle de chomhairleoiri agus de ghníomhaithe na hócáidí sin.

Mór an truaighe gur mar sin atá mar is í an Ghaeilge an ní is mó atá in easnamh go fóill sa Chomhairle ‘nua’.

Cad chuige sin? Mar níl móramh náisiúnach sa Chomhairle go fóill.

Mar sin taistealann traein na teanga chomh gasta agus a thaistealann Páirtí an Chomhaontais agus níl fuadar fúthu ar an cheist seo.

Ach is féidir an traein a bhrú chun tosaigh má eagraíonn lucht na Gaeilge iad féin.

Mar shampla, d’fhéadaimis anois tabhairt faoi Sheachtain na Gaeilge a dhíriú ar Halla na Cathrach i 2014. Agus is gá pleanáil chuige sin anois. 

Bheinn féin sásta tabhairt faoi phlean dúshlánach den chineál sin – cé rachas i gcomhar liom?

Tá ré nua ann do Bhéal Feirste ach níl an díbhinn faighte go fóill ag pobal na Gaeilge nuair atá polasaí comhairle ann a choscann aon chomharthaíocht Ghaeilge in aon áras de chuid an Bhardais.

Tá rudaí ag bogadh chun cinn – infheisteofar na milliúin sa Cheathrú Ghaeltachta, tá comharthaí dátheangacha comhairle le feiceáil sa Cheathrú cheana – agus is cuid den dul chun cinn an ceiliúradh iontach cathrach ar Lá Fhéile Pádraig ach is dóigh liomsa gur tábhachtaí agus gur luachmhaire dul chun cinn ar úsáid agus ar chur chun cinn na Gaeilge ná féile 100 lá don Naomh bheannaithe.

Mar sin, bainigí sult as an Fhéile ach ullmhaigí don obair atá romhainn.

Close
Close