COVID-19: Agallamh leis an Athair Brian Ó Fearraigh


Ar Meon Eile inniu labharaíonn an tAthair Brian Ó Fearraigh linn faoin dóigh a bhfuil an Eaglais ag dul i ngleic le géarchéim COVID-19.

Cé go bhfuil na sagairt fud fad na tíre go fóill ag ceillúradh aifrinn, tá na séipéil go fóill druidte.

Chomh maith leis seo tá treoir tugtha ag an chuid is mo de na deoisí sa tír gan aifreann tórraimh a cheiliúradh go dtí go mbeidh an ghéarchéim thart. Tabharfar an corp díreach chun na reilige agus beidh srian ar an méid daoine atá ábalta freastal ar an ócáid.

Anseo ó thuaidh druideadh reiligí atá faoi chúram na n-údarás áitiúil an mhí seo caite.

Tá an DUP agus Páirtí Aontachtach Uladh anois ag iarraidh go n-osclófaí na reiligí arís de réir a chéile, ach tá Sinn Féin agus Páirtí na Comhghuaillíochta ina choinne sin. 

Tuairiscíodh inné go raibh 9 nduine eile básaithe in otharlanna an tuaiscirt. Sin 216 atá básaithe anois sna Sé Chontae de thoradh an choróinvíris.

Fógraíodh 44 bhás sa Phoblacht inné. 16,040 cás den víreas atá deimhnithe sa Phoblacht anois agus tá 730 duine básaithe dá bharr.

Close
Close