Comórtas Gearrscéalta do Dhaoine Óga

I rith mhí Aibreáin, bhí comórtas gearrscéalta á reáchtáil ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste don aos óg. Bhí na páistí in ann scéal ar bith a scríobh, i seánra ar bith, a fhad is gur chloígh sé leis an téama ‘Cairdeas agus Pobal’.

Bhí an fhoireann sa Chultúrlann ag iarraidh an litríocht agus an scéalaíocht a chur chun cinn i saol na ndaoine óga, go háirithe sna laethanta seo le linn na dianghlasála.

Bhí dhá rannóg ann: ceann don aoisghrúpa 6-10 agus ceann eile don aoisghrúpa 11-14. Tháinig na scórtha iontrálacha isteach agus bhí áthas an domhain ar an Chultúrlann faoin ardchaighdeán a bhí ann.

Tugadh amach roinnt duaiseanna agus foilseofar na scéaltaí ar fad i leabhrán chun seans a thabhairt don phobal iad a léamh.

Bhí ceathrar moltóirí a roghnaigh na buaiteoirí: an t-údar Myra Zepf, Grainne Ní Ghilín ón tUltach, an tOllamh Fionntán de Brún agus Áine Nic Gearáilt ón Cheathrú Poilí. Labhair Meon Eile le Brónagh Fusco agus Sinéad Nic Colaim ón Chultúrlann Mac Adam Ó Fiaich.

Coinnigh súil ar na meáin shóisialta na Cultúrlainne le níos mó eolais a fháil faoin leabhrán atá le seoladh acu. 

Seo thíos na buaiteoirí:

Rannóg 6-10 mbliana d’aois

1ú áit - Sadhb Drain ‘An Feirmeoir Santach’

2ú áit - Éimear Ní Chléirigh ‘Is Mise Eibhlín’

3ú áit - Ríonach Nic Giolla Bhéin ‘Ag titim leis na Reálta’ & Ferdia Mac Eoin ‘Ninja Rúnda’

Rannóg 11-14 bliana d’aois

1ú áit - Dualtín Ní Bhaoill ‘Mo Bhrionglóid’

2ú áit - Aisling Ó Donnell ‘ An Dea-Ghníomh’

3ú áit - Hannah Nic Bhrádaigh ‘Pobal’ & Blaithín Drain ‘Ar Scáth a Chéile a Mhaireann na Daoine’

Close
Close