Coláiste Feirste - 30 bliain ar an fhód

Sa tsraith úr seo beidh Meon Eile ag amharc ar eagraíochtaí Gaeilge ar leith a bhfuil sprioc thábhachtach bainte amach acu i mbliana.

Sa dara clár, thug Meon Eile cuairt ar Choláiste Feirste ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste. Nuair a bunadh Meánscoil Feirste in 1991, bhí an t-urlár ar bharr Chultúrlann McAdam Ó Fiaich mar shuíomh na scoile.

D’fhás líon na ndaltaí go leanúnach ina dhiaidh sin agus in 1998 bhog an scoil chuig suíomh iar-otharlainne in Ard na bhFeá. Is mór an fhorbairt atá déanta ó shin agus anois tá Coláiste Feirste ar na hinstitiúidí Gaeilge is mó agus is tábhachtaí dá bhfuil ann.

Agus an mheánscoil 30 bliain ar an fhód i mbliana, labhair Meon Eile le príomhoide na scoile, Mícheál Mac Giolla Ghunna, chomh maith le roinnt iar-dhaltaí atá ag obair sa scoil anois mar mhúinteoirí. Phléigh siad uilig an tionchar dearfach atá ag an scoil go fóill ar shaol na nGael sa chathair.

Close
Close