Taifead Cóisir Dheireadh na Bliana ag Turas

Eagraíodh oíche ar leith do na daltaí go léir ó na ranganna Gaeilge a sholáthair Turas i mbliana, eagraíocht Gaeilge atá lonnaithe in Oirthear Bhéal Feirste.

Bronnadh fáinní agus teastais ar gach uile dhalta, thart ar 200 acu, ón teastas agus suaitheantas 'Cúpla Focal' go dtí an Fáinne Airgid agus an Fáinne Óir. Bhí ceol galánta curtha i láthair ag an ghrúpa ceoil Ghaelach, stiúrtha ag Aodán 'Jaff' Mac Seáfraidh. Labhair Bainisteoir Turas, Linda Ervine, ar an oíche mhór cheiliúrtha chomh maith le Máire Mhic Sheáin, bean speisialta a chuir tús le Bóthar Seoighe agus a bhí mar chuid de bhunú Bhunscoil Phobal Feirste.

Bhí an deis againn labhairt le hOifigeach Forbartha Acmhainní de chuid Turas, Stiofán Carson, a bhí mar fhear 'a tí ar an oíche, agus le máthair agus iníon, Sophia agus Alison Donaldson, a d'fhreastail ar ranganna le chéile i mbliana agus a fuair suaitheantas 'Cúpla Focal'.

Close
Close