Cógaslann Woodbourne i mbaol

Tá Cógaslann Woodbourne ar Bhóthar Bhaile an Stíobhartaigh i mBéal Feirste ag freastal ar othair ón cheantar ó bhí 1969 ann, ach anois go bhfuil costais an chíosa ag ardú, is baol go mbeidh orthu aistriú ón láthair ar a bhfuil siad.

Agus géarchéim sa tseirbhís sláinte agus sna seirbhísí dochtúirí teaghlaigh áitiúla mar gheall ar athchóirithe, is minic gurb iad na cógaslanna áitiúla a líonann an bhearna agus a sholáthraíonn seirbhísí don phobal áitiúil.

Tá an chógaslann lonnaithe ag crosbhealach idir Suffolk agus Black's Road, agus dá bhrí sin bhí sé ina mol neodrach i gcaitheamh na mblianta do dhaoine a bhí ag bailiú oideas, leigheas agus ag lorg comhairle.

Ba cheart go mbeadh Cógaslann Woodbourne ag ceiliúradh 25 bliana faoi stiúir Paul Savage i mbliana, ach ina ionad sin bhí orthu achainí a thosú ag lorg sínithe chun an chógaslann a shábháil.

Tá £6,000 sa bhreis curtha leis an chíos - níos mó ná aon siopa eile den mhéid céanna sa cheantar - ag an Stewartstown Road Regeneration Project. Creideann an chógaslann gur ionsaí spriocdhírithe é seo.

Thug Meon Eile cuairt ar an chógaslann ag a gceiliúradh 25 bliana agus labhair muid le Diarmuid Mac an Biocaire, cógaiseoir réamhchláraithe. Dúirt Diarmuid “shílfeá go mbeadh grúpa a bunaíodh chun cabhrú le ceantair bhochta ag iarraidh níos mó a dhéanamh chun cabhrú le cógaslann áitiúil”. Luaigh siad fosta dá mba rud é go mbeadh orthu aistriú, go mbeadh an fhoireann as obair ar feadh tamaill agus ach go mbeadh ar mhuintir na háite taisteal beagnach míle go dtí an chéad chógaslann eile.

Dúirt Paul Savage, úinéir reatha Chógaslann Woodbourne nach bhfuil uathu ach “go gcaithfí go cothrom linn”.

Seo thíos ráiteas ón SRRP ar an ábhar:

"For over twenty years Stewartstown Road Regeneration Project (SRRP) has played a crucial role in the redevelopment and revitalisation of the Suffolk-Lenadoon interface area having established a vibrant economic hub that is shared between both communities. SRRP is a charity that makes significant donations to Lenadoon and Suffolk Community Forums to support the local community."

"As Woodbourne Pharmacy is the subject of on-going legal action in the High Court we are unable to comment at this time."

Is féidir an achainí a shíniú anseo chun Cógaslann Woodbourne a shábháil nó é a shíniú sa siopa.

Close
Close