Club Leabhar úrnua i nDoire

Ar na mallaibh d’eagraigh Cultúrlann Uí Chanáin ócáid leabhar a thug daoine ó gach cearn de Chontae Dhoire chuig Little Acorn Books sa chathair.

Tús le club leabhar úrnua a bhí ann ag ar pléadh an bailiúchán gearrscéalta le Michelle Nic Phaidín, Súil Éisc. Is í an t-údar aitheanta Réaltán Nic Leanáin, atá ina scríbhneoir cónaithe ag an Chultúrlann, a bhí ag stiúradh an phlé.

D’éirigh chomh maith sin leis an chlub gur shocraigh Siubhán Nic Amhlaoibh, stiúrthóir na Cultúrlainne, agus le spreagadh ó na rannpháirtithe, ar a thuilleadh cruinnithe leabhar a eagrú don chuid eile den bhliain. 

Bhí Meon Eile i láthair ag an chlub leabhar, áit ar labhair muid le Siubhán faoin tábhacht a bhaineann le himeachtaí litríochta. Labhair muid fosta le beirt a d’fhreastail ar an ócáid agus a bhí ar bís faoi phleananna an chlub leabhar i nDoire. 

Coinnigh súil ar mheáin shóisialta Chultúrlann Uí Chanáin faoi choinne na gcéad dátaí eile ag an chlub leabhar.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Close
Close