Gaeilge ar an Glider

Buaileann grúpa le chéile Ionad Uíbh Eachach gach seachtain agus caitheann siad uair an chloig i mbun ciorcal comhrá chun a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú.

Cúpla seachtain ó shin, shocraigh an grúpa na sráideanna a bhualadh agus turas Glider a dhéanamh suas síos Bóthar na bhFál in Iarthar Bhéal Feirste. Bhí sé de rún acu na radharcanna áille i mBéal Feirste a phlé trí mheán na Gaeilge agus daoine eile ar fud na cathrach a spreagadh úsáid a bhaint as cibé Gaeilge a atá acu. Tar éis cúpla uair an chloig taistil, bhuail siad le roinnt daoine ar chuir an Ghaeilge gliondar ar a gcroí agus a ghlac páirt sna comhráite.

Tá tuilleadh turas beartaithe ag an ghrúpa amach anseo. Chun páirt a ghlacadh sa chéad turas eile, coinnigh súil ar mheáin shóisialta  Ionad Uíbh Eachach le haghaidh dátaí atá le teacht.

Close
Close