Ceiliúradh na Samhna eagraithe ag Fóram na nÓg

Cuireadh ceiliúradh Ceilteach trí lá ar an tSamhain ar siúl in Iarthar Bhéal Feirste ar na mallaibh, é eagraithe ag an eagraíocht óige, Fóram na nÓg. Ba é ‘seanchas, sinsear agus sult’ na trí théama a bhí bainteach leis an teacht le chéile speisialta seo.

Tugadh cuireadh do roinnt cumainn óige a bheith páirteach ann, amhail Cumann Óige Uachtar Chluanaí, Sólás na nÓg, Cumann Óige Leath Chathail, Cumann Óige Ghlór na Maoile Dhún Phádraig agus Cumann Óige Uí Dhochartaigh.

Bhí trí sheisiún á reáchtáil gach oíche - seisiún faoi ghearradh agus dearadh puimcíní, seacláid the agus comhrá ag Caifé Anam, agus seisiún ag Gairdín an Phobail, áit a raibh ‘teach s’í agus tine lasta le s’mores agus píotsa blasta ón oigheann píotsa faoin spéir. Bhí an deis ag na páistí foghlaim faoin oidhreacht taobh thiar den aibítir Oghaim agus siombailí Oghaim s’acu féin a scríobh. Ag an tine, bhí neart scéalta taibhsí le cloisteáil agus cuid mhór le foghlaim faoin stair ársa a bhaineann leis an tSamhain, i gcomhthéacs an dúlra go háirithe.

D’fhreastail Meon Eile ar chúpla lá den imeacht cruthaitheach ceannródaíoch seo, áit a raibh atmaisféar lán le craic, comhluadar agus cairdeas ann. Níorbh iad na páistí amháin a bhain sult as ach na hoibrithe go léir chomh maith!

Close
Close