An Droichead ag ceiliúradh 30 bliain a bhunaithe

Bhí ócáid ar leith ar siúl ag An Droichead ar na mallaibh le ceiliúradh a dhéanamh ar an 30 bliain ó bunaíodh an t-ionad.

Tá An Droichead ag cur seirbhísí éagsúla ar fáil don phobal máguaird ar Bhóthar Ormeau ón bhliain 1992. Is le naíonra beag bídeach a thosaigh siad amach agus anois tá bunscoil, clár cúram lae, ranganna Gaeilge agus lárionad ealaíon ar an láthair.

Labhair Meon Eile le Fionnuala Nic Thom, Eoghan Ó Garmaile agus Pól Deeds ar an lá mór faoi stair An Droichead, faoin tábhacht ag baint leis an scoil agus leis an ionad inniu agus faoin mhéid atá beartaithe don todhchaí.

Close
Close