Cuireadh ceardlann scileanna dúchais ar siúl i nGairdín an Phobail, iarthar Bhéal Feirste, maidin Dé hAoine seo caite.
Eagraíodh an seisiún le tacaíocht ó Ghlór na Móna agus Caifé Anam agus bhí sé á stiúradh ag Seán Mac Brádaigh ón eagraíocht Participation and the Practice of Rights (PPR). I measc na scileanna a múineadh ann bhí an dóigh le dathanna nádúrtha a dhéanamh agus le héadaí a dhathú leo, agus snoí adhmaid. Bhí leigheas luibhe, a rinneadh as plandaí ón ghairdín féin, ar díol ag Leasha Hogan ó Grá Fiánta Herbal chomh maith.
Labhair Meon Eile le Seán Mac Brádaigh faoin imeacht.