‘Céad Míle Fáilte’ tionscadal Gaeilge do Phobail Nua na hÉireann

An tseachtain seo caite sheol Conradh na Gaeilge a gclár nua 'Céad Míle Fáilte'. Tá an tionscadal dírithe ar theifigh, ar lucht iarrtha tearmainn agus ar inimircigh chun Gaeilge a mhúineadh dóibh. 

Beidh an clár ar siúl ar fud na hÉireann agus beidh ranganna Gaeilge, ceardlanna agus gníomhaíochtaí spraíúla ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Sheol Conradh na Gaeilge an togra agus an suíomh gréasáin ceadmilefailte.ie i bhfoirgneamh Unite the Union i mBaile Átha Cliath. Bhí cainteanna acu le Thomas Byrne ó Fianna Fáil, Paula Melvin, uachtarán Chonradh na Gaeilge, Connlaith Ní Raifeartaigh ó Chonradh na Gaeilge atá i mbun an togra Céad Míle Fáilte. Bhí painéil plé ó dhaoine éagsúla a bheidh ag glacadh páirt sa chlár agus bhí ceol agus damhsa ann chomh maith.

Thug Meon Eile cuairt ar an seoladh agus labhair muid le Connlaith, a leag béim ar an Ghaeilge a bheith ar fáil do gach duine. Labhair muid le Emmanuel Ntemuse, cainteoir líofa Gaeilge a chuaigh ar imirce ón Nigéir lena theaghlach. 

Is feidir tuilleadh eolais a fháil  anseo.

Close
Close